Taispeántaisí

Ba bhreá linn bualadh leat!

Bíonn seastán ag 'Spraoi!' ag roinnt comhdhálacha agus cúrsaí a bhíonn ar siúl timpeall na tíre, Comhdháil Gaelscoileanna agus Comhdháil na Naíonraí Gaelacha ina measc.

Tá ionadaí ar fáil freisin atá in ann labhairt le grúpaí as Gaeilge nó as Béarla. Go dtí seo, tá 'Spraoi!' tar éis labhairt le grúpaí ar ábhair éagsúla cosúil le:

  • An Ghaeilge,
  • Mná i mbun gnó
  • Cúrsaí oideachais agus an Ghaeilge
  • Daoine as tíortha eile a bhfuil an Ghaeilge foghlamtha acu

Má tá tú ag eagrú comhdhála, cúrsa nó taispeántais agus má cheapann tú go gcuirfeadh 'Spraoi!' leis an lá, déan teangmháil linn.

D'fhéadfadh sé go mbeadh suim againn cuairt a thabhairt ort!