Muid Féin

Tá 'Spraoi!' lonnaithe i gConamara.

Déanamid táirgí a dhearadh agus a phriondáil le haghaidh daoine atá ag múineadh Gaeilge.

Is í Paula Níc Cionnaith a bhunaigh an comhlacht sa bhliain 1993. Bhí sí ag múineadh Gaeilge do Chonradh na Gaeilge agus d'éirigh sí tinn tuirseach den easpa áiseanna teagaisc.

Mar sin, shocraigh sé ar rud éigin a dhéanamh faoi.

Ar dtús báire, rinne sí cúrsa 'Tosnaigh do Ghnó Féin' le FÁS. Ansin, le cúnamh airgeadis ó Údarás na Gaeltachta agus le cúnamh praiticiúil agus slám tacaiochta morálta ó Chonradh na Gaeilge, sheol Ite Ní Chionnaith an comhlacht 'Spraoi!' go hoifigiúil ag Oireachtas na Gaeilge i nGaillimh sa bhliain 1993.

Anois, 21 bliain níos déanaí - 'Mhaighdean, cá ndeachaigh na blianta! - tá cáil nach beag ar an gcomhlacht.

Tá táirgí 'Spraoi!' le feiscint i mbeagnach gach uile seomra ranga Gaeilge sa tír! Agus tá an réimse áiseanna ag méadú an t-am ar fad.

Más póstaeir, cairteanna, leabhair nó fiú maighnéid don chuisneoir atá uait, d'fhéadfá am a chur amú ar bhealach i bhfad níos measa ná cliceáil ar spraoi-online.com!