Lipéid do Bhronntanais Nollag
Ag smaoineamh chun cinn...
Bí réidh le beagáinín Gaeilge a scaipeadh an Nollaig seo.
Lipéid áille a chuirfidh maise ar aon bhronntanas Nollag!
10 gcinn sa phaca - 5 dhearadh éagsúla
Ag smaoineamh chun cinn...
Bí réidh le beagáinín Gaeilge a scaipeadh an Nollaig seo.
Lipéid áille a chuirfidh maise ar aon bhronntanas Nollag!
10 gcinn sa phaca - 5 dhearadh éagsúla
Gach dath faoin spéir!
Maisigh do sheomra ranga leis an bpóstaer ildaite seo. Neart ábhar cainte faoi dhathanna agus éadaí.
Méid: A2
Paca de 11 phóstaer gach ceann acu A3
Na briathra neamhrialta ar fad.
Aimsir Láithreach, Aimisr Chaite agus Aimsir Fháistineach.
Léiriú freisin ar an bhFoirm Cheisteach agus na Freagraí Dearfacha agus Diúltacha!
An t-iomlán dearg!
'Caol le Caol, Leathan le Leathan' - An riail is úsáidí sa Ghaeilge?
Tá an riail seo léirithe mar chluiche peile idir ghutaí.
Breathnaigh ar an seoltaí do na suíomhanna idirlín sa chúlra. Bealach éasca le cuimhneamh ar an riail, nach ea! Cliste!
An rud is tábhachtaí do fhoghlaimeoirí ná a bheith in ann ceisteanna a chur!
Seo póstaer breá a chabhróidh leo.
Póstaer A2 le 6 cinn de fhocail air.
Léiriú ar cé acu 'a bhfuil' nó 'atá' a úsáidtear i ngach cás
Paca de 5 phóstaer a léiríonn na rialacha a bhaineann le hAinmnfhocail Ghaeilge idir Firinscneach agus Baininscneach.
1 - Conas a athraíonn ainmnfhocail tar éis an fhocail 'an'
2 - Conas a aontaíonn an aidiacht leis an ainmfhocal
3 - Conas a athraíonn ainmnfhocail sa Tuiseal Ginideach
4 - Conas a athraíonn an aidiacht le hainmnfhocail sa uimhir iolra (firinscneach agus naininscneach)
5 - Ainmnfhocail fhirinscneacha agus conas a athraíonn an aidiacht ina ndiaidh
Is áiseanna iontacha iad na póstaeir seo chun rialacha bunúsacha gramadaí na Gaeilge a mhúineadh.
Léiríonn an póstaer seo an bealach gur féidir leis na litreacha in aibítir na Gaeilge athrú agus cén fhuaim a bhíonn leo nuair a athraíonn. Thar a bheith úsáideach.
As Cló!
Ár leithscéal, níl an táirge seo ar fáil faoi láthair.
Póstaer álainn soiléir leis na rialacha ar fad a bhaineann leis na hAidiachtaí Sealbhacha - 'mo teach', 'do theach', 'a theach', 'a teach' ... srl.
Tá léiriú ar fhocail a thosnaíonn ar chonsan agus iadsan a thosnaíonn ar ghuta.
Straoiseoga - Emoticons.
Díreach cosúil leis an bpóstaer 'Mothucháin' ach curtha in oiriúnt do dhuine ar bith - idir óg agus aosta - a bhfuil fón póca acu!
Méid: 364mm x 521mm
Fíor-shimplí - Laethanta na Seachtaine agus iad priondáilte de réir dathanna an bhogha báistí!
Taobh 1: An Luan, An Mháirt, An Chéadaoin, An Déardaoin, An Aoine, An Satharn agus An Domhnach
Taobh 2: Dé Luain, Dé Máírt, Dé Céadaoin, Déardaoin, Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh
Caithfimid chuile dhuine a shásamh!
12 póstaer sa phaca:
LE... AG... AR... AS... DO... DE... THAR... ROIMH... Ó... CHUIG... FAOI... I...
An gá tuilleadh a rá...?
Tá gach cairt ildaite agus is 37cm x 26cm atá siad.
Caith isteach i do chiseán iad agus déan an saol níos éasca ar do chuid daltaí!
An bhfuil mearbhall ort maidir leis na difríochatí idir 'Roimh' agus 'Sula'?
Ní bheidh níos mó! Léiriú simplí soiléir atá ar an bpóstaer seo ar na rialacha a bhaineann le húsáid na focail seo.
Méid 364mm x 521mm
Leabhrán A5 simplí le táblaí briathra scríofa amach le tagairti as Béarla (cliceáil ar pictiúr beag le féachaint ar leathanach samplach).
Sán áireamh tá briathra ó ghrúpa 1 agus grúpa 2 móide gach briathar neamhrialta.
Riachtanach!
Lascainí ar fáil ar an táirge seo mar seo a leanas:
1 x Briathra na Gaeilge = €5.00
5 x Briathra na Gaeilge = €4.00 an ceann = €20.00
10 x Briathra na Gaeilge = €3.50 an ceann = €35.00
Níos mó ná 10 gcóip de Bhriathra na Gaeilge = €3.00 an ceann
Póstaer an-úsáideach ar fad le réamhfhocail shimplí a léiriú.
Méid 364mm x 521mm
Priondáil amach an fhoirm seo más fearr leat, chun ordú a chur chugainn sa phost!
Cliceáil ar an bpictiúr agus méadaigh é. Tog grianghraf de agus ar aghaidh leat!
Mura bhfuil tú in ann é sin a dhéanamh, caith an fhoirm seo isteach i do chiseán. Cuir chugainn é le d'ainm agus seoladh agus cuirfimid foirm chugat sa phost!
AN-oiriúnach don foghlaimeoir óg; bailiúchán breá d'éadain éagsúla ag léiriú gach saghas mothúcháin.
Méid 364mm x 521mm
Ceann de na táirgí is mó éilimh atá againn! 12 de chartaí - B4. Priondáilte ar an dá thaobh.
12 briathar ar thaobh amháin agus nasc idir é agus an Béirín ar an taobh eile. Cliceáil ar an léaráid go bhfeice tú na focail ar fad.
Tá leabhar oibre ar fáil freisin '101 Rud le déanamh leis na Béiríní' le neart gníomhaíocht ann a dhéanann cleachtadh agus tréisiú ar na Béiríní ar fad.
Ná bíodh eagla ort roimh an Tuiseal Ginideach arís go brách!
6 phóstaer iontacha le cabhrú leis na cásanna ina úsáidtear an Tuiseal Ginideach a thuiscint.
Ag smaoineamh chun cinn...
Bí réidh le beagáinín Gaeilge a scaipeadh an Nollaig seo.
Lipéid áille a chuirfidh maise ar aon bhronntanas Nollag!
10 gcinn sa phaca - 5 dhearadh éagsúla
Cuir slacht ar do chuid taispeántaisí leis na himill seo.
6 dhearadh éagsúla. Croch iad timpeall Chlár na bhFógraí nó taispeántas ar bith le barr feabhais a chur air!
Má tá bua le ceiliúradh agat, cén fáth nach ndéanfá as Gaeilge é!
Stiallbhratacha móra oráiste le haghaidh Comhghairdeachas mór croíúil! Pé ócáid atá ann!
1 fhad = 5m = 12 brat = €6.00
2 fhad = 10m = 24 brat = €10.00
3 fhad = 15m = 36 brat = €12.00
Dá mhéid a cheannaíonn tú acu, is ea is mó a shábhálann tú!
Ar chuala tú duine éigin riamh ag labhairt 'Gaeilge-Droim-Ar-Ais'?
Ceithre phóstaer - gach ceann acu 364mm x 521mm - le cabhrú le foghlaimeoirí cruth ceart a chur ar a gcuid Gaeilge!
Tá ord na bhfocal rí-thábhachtach!
Díreach ceart chun FÁILTE a chur roimh dhuine ar bith, áit ar bith!
Iontach chun Fáilte mhór Ghaelach a chur roimh chuairteoirí speisialta a bhfuil grá faoi leith acu don teanga!
1 fhad = 5m = 12 brat = €6.00
2 fhad = 10m = 24 brat = €10.00
3 fhad = 15m = 36 brat = €12.00
Dá mhéid a cheannaíonn tú, is ea is mó a shábhálann tú!
Paca de 11 póstaer le Nathanna Cainte ar an dá thaobh.
Áis den scoth chun cabhrú le blas níos nádúrtha a chur ar Ghaeilge do dhaltaí.
Ár leithscéal ach tá an táirge seo díolta amach i mbliana! Bhí éileamh as cuimse air!
Beidh sé againn arís in am don Nollaig i mbliana. D'fhéadfá ordú a chur isteach anois, más mian leat, agus cuirfimid ar aghaidh chugat é a luaithe is a thagann sé isteach.
Piongainí gleoite. Santaí gioblach. Réinfhia le dealramh.
Cad eile a bheadh ag teastáil i maisiúchán Nollag!
Tá na bratacha beaga seo ar fheabhas má tá tú ag iarraidh beagáinín Gaeilge a chur le do chéilúradh Nollag ar scoil nó sa bhaile.
1 fhad = 5m = 12 brat = €6.00
2 fhad = 10m = 24 brat = €10.00
3 fhad = 15m = 36 brat = €12.00
Dá mhéid a cheannaíonn tú, is ea is mó a shábhálann tú!
Paca de 12 de Sheanfhocail priondáilte lándaite ar thaobh amháin. Ar an taobh eile, rabhlóga agus tomhaiseanna. dubh agus bán.
Gach ceann acu 640mm x 150mm. Díreach ceart le crochadh ar fud na háite chun do scoil a Ghaelú.
An ócáid is Gaelaí sa bhliain - is ceart í a cheiliúradh as Gaeilge!
Stiallbhratacha chun Lá 'le Pádraig Sona a ghuí ar gach duine.
1 fhad = 5m = 12 brat = €6.00
2 fhad = 10m = 24 brat = €10.00
3 fhad = 15m = 36 brat = €12.00
Dá mhéid a cheannaíonn tú, is ea is mó a shábhálann tú!
An chéad chéim eile.. póstaer níos casta de na baill bheatha.
Priondáil amach an fhoirm seo más fearr leat, chun ordú a chur chugainn sa phost!
Cliceáil ar an bpictiúr agus méadaigh é. Tog grianghraf de agus ar aghaidh leat!
Mura bhfuil tú in ann é sin a dhéanamh, caith an fhoirm seo isteach i do chiseán. Cuir chugainn é le d'ainm agus seoladh agus cuirfimid foirm chugat sa phost!
Póstaer breá soiléir a léiríonn na baill bheatha.
Mar gheall ar nach bhfuil a leithéid de rud ann agus an iomarca maighnéad ar do chuisneoir...!
is féidir an oiread acu 'is is mian leat a cheannach! Ceann, péire, iad ar fad!
Abair linn cé na cinn atá uait sa 'customer comment box' nuair a chuireann tú d'ordú chugainn!
Suas go 5 mhaighnéad, saor ó phostas!
Scoil ar bith a bhfuil suim aici an timpeallacht a chaomhnú, teastaíonn an paca seo fógraí!
Tá na fógraí seo oiriúnach le crochadh ar fud na scoile le meabhrú do chuile dhuine a chuid a dhéanamh ar son na timpeallachta!
8 mana éagsúla - Sa phaca, faigheann tú 1 x A4 de gach mana móide 2 x A5 de gach ceann.
Is é sin 24 cairt uiligi a chéile! Margadh iontach!
Focail inpsioráideacha ar gach uile cheann acu!
Iad ar fad ar fáil go haonarach.
SONRAIGH CÉN UIMHIR ATÁ UAIT!
Agus cé mhéid cóip de gach ceann, le do thoil!
A Paca de 8 x cairteanna A4 Orthu, tá pictiúir dár mBéiríní Cáiliúla!
Taobh 1 - Tá na Béiríní priondáilte dubh + bán agus iad ina gcodladh.
Taobh 2 - Preabann siad agus cuireann siad a lá féin i láthair!
Tá uamanna áille ag baint le gach ceann acu:
Bíonn Teidí liath ag leim ar an Luan, Bíonn Teidí marún mísciúil ar an Máirt, Bíonn Teidí corcra ag cócaireacht ar an gCéadaoin, Bíonn Teidí dearg ag dreapadh ar an Déardaoin, Bíonn Teidí oráiste aoibhinn ar an Aoine
Priondáil amach an fhoirm seo más fearr leat, chun ordú a chur chugainn sa phost!
Cliceáil ar an bpictiúr agus méadaigh é. Tog grianghraf de agus ar aghaidh leat!
Mura bhfuil tú in ann é sin a dhéanamh, caith an fhoirm seo isteach i do chiseán. Cuir chugainn é le d'ainm agus seoladh agus cuirfimid foirm chugat sa phost!
Leabhar iontach le gníomhaíochtaí dochredite maithe gur féidir fótachóipeáil
Tá gach Béirín óna cairteanna Béiríní le feiceáil sna 68 leathanaigh.
Tá gníomhaíochtaí suimiúla, spreagúla anseo cosúil le dathú, rianú, meaitseáil, puzail loighice agus go leor, leor eile.
Tá rudaí anseo do chainteoirí dúchais, fiú, a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an teanga ach go dteastaíonn rud éigin beag breise uathu chun spraoi a bhaint aisti!
Má tá tú ag baint úsáid ar bith as na Béiríní, teastaíonn an leabhar seo uait!